|
Im spailpín fánach atáim le fada
ag seasamh ar mo shláinte
ag súil an drúchta go moch ar madin
's ag bailiú galair ráithe
ach glacfad fees ó rí na gcroppies,
cleith is pic chun sáite
Ba mhinic mo thriall go Cluain gheal Meala
's as sin go Tiobraid Arann,
i gCarraig na Siúire thíos do ghearrchainn
cúrsa leathan láidir
i Gcallainn go dlúth 's mo shúiste im ghlaic
ag dul chun thosaigh ceard leo
's nuair théim go Durlas 's é siúd bhíonn agam,
'sin chú'ibh an spailpín fánach
Go deo deo arís ní raghad go Caiseal
ag díol ná ag reic mo shláinte
ná ar mhargadh na saoire im shuí cois balla,
im scaoinse ar leataoibh sráid
bodairí na tíre ag tíocht ar a gcapaill
á fhiafraí an bhfuilim hireálta.
"téanam chun siúil, tá an cúrsa fada"-
siúd siúl ar an spailpín fánach
|